Find Your Next Job

Anailísí Sinsearach Um Intleacht Ghnó / Senior Analyst – Business Intelligence

Posted on Nov. 21, 2025

  • Dublin, Ireland
  • 0 - 0 USD (yearly)
  • Full Time

Anailísí Sinsearach Um Intleacht Ghnó / Senior Analyst – Business Intelligence

Tailor Your Resume for this Job


Job Type

Permanent Full-Time

Remote Work Option

Hybrid

Category

Business / Commerce

Location

Dublin City, County Dublin, Ireland

Job Details

Anailísí Sinsearach um Intleacht Ghnó

Is muide a fheidhmíonn eangach leictreachais na hÉireann. Feidhmíonn muid an córas cumhachta le leibhéil den scoth ginte in-athnuaite aisioncronaigh athraithigh, le cinntiú go mbíonn cumhacht ag gach duine nuair a theastaíonn sé uathu. Anuas air sin, tá muid i mbun chlaochlú an chórais cumhachta do na glúnta atá le teacht.

Agus níl ansin ach an tús. Tá cuspóir tábhachtach againn. Is é ár mbunchuspóir ná ligean dár sochaí a hastaíochtaí carbóin a laghdú agus a huaillmhianta a bhaint amach i dtaca leis an athrú aeráide agus an ghlan-nialasacht.

Bí páirteach sa chlaochlú!

An Deis Ghairme
Tá Anailísí Sinsearach um Intleacht Ghnó á lorg againn chun teacht isteach inár nOifig um Bainistíocht Chláir Sheachadadh an Bhonneagair ar Talamh.

An t-iarrthóir a n-éireoidh leo, tacóidh siad le Ceannasaí Intleachta Gnó na hOifige um Bainistíocht Tionscadal (PMO) ar Talamh chun tairiscint na hintleachta gnó agus na hanailísíochta ar talamh a fhorbairt. Beidh an duine sin freagrach freisin as tacú le tionscadail straitéiseacha a bhaineann le hathruithe. Leis na torthaí a eascróidh astu sin, déanfar, i measc rudaí eile, an tuairisciú a shimpliú agus an ullmhacht ghnó ar talamh agus na tionscadail chaipitil ar talamh a chur in iúl don ardbhainistíocht, don rialtas agus don rialaitheoir ar fud ár gcláir chasta oibre.

Tacóidh sealbhóir an phoist le cur i bhfeidhm tionscadal casta a mbeidh athruithe suntasacha le déanamh orthu ó thaobh fhoinsiú, stóráil, chlaochlú, chomhdhlúthú, dhearbhú cháilíocht agus anailísiú ár sonraí de. Mar chuid den fhoireann Intleachta Gnó, beidh an post mar spreagthóir na bpróiseas agus na n-ionchur gnó don chóras TF agus do thorthaí agus táirgí insoláthartha na bhfeidhmchlár. Is trí chomhoibriú ar fud fhoirne Gnó agus TF EirGrid i réimsí na hintleachta gnó, an tsamhaltaithe agus na hanailísíochta sonraí, athruithe na bpróiseas gnó agus an tuairiscithe agus na rialuithe a bhainfear an méid sin amach.

Beidh sealbhóir an phoist mar bhall d’fhoireann a fheidhmíonn mar an bpríomh-chomhéadan le haghaidh rannpháirtíocht ghnó an PMO ar Talamh chun tionscadail TF intleachta gnó agus ar talamh a chur chun feidhme. Agus iad ag obair go dlúth le foireann an ghnó ar talamh agus saineolaithe gnó, beidh siad i gceannas ar acmhainní de chuid comhpháirtithe straitéiseacha chun cláir mhóra oibre a chur chun feidhme, agus rannpháirtíocht agus comhaontú foirmiúil á n-áirithiú acu i rith an ama.

An Fhoireann

Tá an Oifig Bhonneagair freagrach as treorú a dhéanamh ar fhorbairt agus seachadadh an chórais cumhachta, mar aon leis na cláir infheistíochta idirnaisc, i gcomhar le comhpháirtithe, le custaiméirí agus le pobail.

Tá an Oifig um Bainistíocht Tionscadal ar Talamh (PMO) freagrach as trí phríomhról a chomhlíonadh laistigh de Bhonneagar; Tuairisciú agus Iniúchadh maidir le Rialúchán agus Comhlíonadh, Oibríochtaí Gnó agus Rialachas, agus Intleacht Ghnó. Tá an fhoireann freagrach as na polasaithe agus caighdeáin rialachais a shocrú lena n-úsáid d'ullmhacht na ngnónna ar talamh agus do bhonneagar tarchuir mórscála ar talamh agus d'iniúchadh agus monatóireacht rialála ar sheachadadh OpEx agus CapEx.

Ullmhaíonn an fhoireann tuairiscí freisin maidir le sceideal agus faisnéis airgeadais agus seachadadh torthaí agus leasanna a bhaineann le spriocanna straitéiseacha maidir le forbairt agus ullmhacht an bhonneagair tarchuir ar talamh do phríomhpháirtithe leasmhara amhail DECC agus CRU.

Príomhfhreagrachtaí
  • Forbairt le Power BI:
    • Deaiseanna agus tuairiscí dinimiciúla a thiomsú agus a chothabháil le Power BI.
    • Tacair chasta sonraí a aistriú ina léirshamhluithe soiléire inghníomhaithe.
  • Asbhain, trasfhoirmigh, lódáil (ATL) agus innealtóireacht sonraí:
    • Píblínte ATL a dhearadh agus a chur i bhfeidhm chun sonraí ó fhoinsí iomadúla a ionghabháil, a ghlanadh agus a chlaochlú.
    • Oibriú le sonraí struchtúrtha agus leathstruchtúrtha ar fud timpeallachtaí ar an néal agus san áitreabh.
  • Samhaltú agus comhtháthú sonraí:
    • Samhlacha daingne sonraí a fhorbairt mar thaca do thuairisciú agus anailísíocht inscálaithe.
    • Comhoibriú leis na foirne TF agus gnó chun sonraí a chomhtháthú ar fud na gcóras.
  • Cáilíocht agus rialachas sonraí:
    • Seiceálacha um bailíochtú agus dearbhú cáilíochta sonraí a chur i bhfeidhm ar mhaithe le cruinneas agus leanúnachas.
    • Tacú le bainistiú agus taifeadadh sreafaí sonraí.
  • Comhoibriú:
    • Oibriú go dlúth le páirtithe leasmhara gnó chun riachtanais sonraí a thuiscint agus réitigh shaincheaptha a chur ar fáil.
    • Cur le hiarrachtaí ilréimsiúla chun inrochtaineacht agus inúsáidteacht sonraí a fheabhsú.

Fút féin

Bíodh na nithe seo a leanas ag na hiarrthóirí a n-éireoidh leo:
  • Céim ollscoile sa ghnó, sa teicneolaíocht faisnéise nó i ndisciplín den chineál céanna agus, go tipiciúil, taithí ábhartha 3+ bliana sa réimse lena mbaineann.
  • Ardinniúlacht in Power BI, DAX agus teicnící léirshamhlaithe sonraí.
  • Sárscileanna réitigh fadhbanna agus mionchruinneas.
  • Taithí ar bheith ag cur i bhfeidhm uirlisí anailísíochta sonraí, deaiseanna tuairiscithe agus tionscnaimh um athruithe ar phróisis ghnó chun bainistíocht sonraí agus dearbhú cáilíochta a fheabhsú.
  • Cumas chun dul i mbun plé agus comhoibrithe le páirtithe leasmhara ó fheidhmeanna eile chun spriocanna tionscadail a bhaint amach.

Inmhianaithe
  • Tuiscint ar ollstóráil sonraí, lochanna sonraí agus néalardáin (arb é Microsoft Fabric an rogha thosaíochta).
  • Taithí le huirlisí agus próisis ATL (m.sh. SQL, Python agus Azure Data Factory).
  • Cur amach ar rialachas sonraí, dearbhú cáilíochta agus bainistíocht meiteashonraí.

Dáta deiridh d’iarratais
5 Nollaig, 2025

Táimid tiomanta don éagsúlacht agus don chuimsiú in EirGrid. Aithníonn muid an neart a thagann as lucht saothair éagsúil a bheith againn agus an tábhacht a bhaineann le cultúr tacúil dár ndaoine uile chun a n-acmhainneacht a bhaint amach. Dearadh ár líonraí éagsúlachta agus cuimsithe chun cultúr cuimsitheach a chruthú a chuireann ar chumas ár ndaoine muintearas a mhothú ag an obair.

Mar fhostóir comhdheiseanna, cuireann muid fáilte roimh iarratais ó dhaoine ó gach cúlra. Cuirtear socruithe réasúnta ar fáil ag gach céim dár bpróiseas earcaíochta.

Senior Analyst – Business Intelligence

We are the people behind Ireland’s electricity grid. We operate the power system with world leading levels of variable asynchronous renewable generation, ensuring that everyone has power when they need it. But that’s not all, we are now transforming the power system for future generations.

And that’s just the beginning of our story. We have a critical purpose. That purpose is to transform the power system to enable our society to reduce our carbon emissions and meet our climate change and net zero ambitions.

Be part of the transformation!

The Opportunity

We are seeking a Business Intelligence Senior Analyst to join our Onshore Infrastructure Delivery Programme Management Office.

The successful candidate will support the Onshore PMO Business Intelligence Lead in developing the onshore business intelligence and analytics offering. You will also be responsible for supporting strategic, change related projects – with outcomes for example to simplify reporting and storytelling of onshore business readiness and onshore capital projects with the C-Suite, Government and the Regulator across our complex programme of work.

The role holder will support the implementation of projects which are complex in nature and require significant changes to how we source, store, transform, consolidate, quality assure and analyse our data. As part of the Business Intelligence team, the role will drive business process and inputs for IT system and application deliverables and outcomes. This will be achieved by collaboration across the EirGrid Business and IT teams in the areas of business intelligence, data modelling and analytics, business process change and reporting and controls.

In this position you will join a team who act as the primary interface for PMO Onshore business engagement in the delivery of business intelligence and Onshore IT projects. You will work closely with the onshore team and business experts and lead strategic partner resources to deliver large programmes of work and ensure engagement and formal agreement throughout.

The Team

The Infrastructure office leads the development and delivery of the power system, onshore and interconnection investment programmes in collaboration with partners, customers and communities.

The Onshore Project Management Office (PMO) is responsible for undertaking three key roles within Infrastructure; Regulation and Compliance Reporting and Auditing, Business Operations and Governance, and Business Intelligence. The team is responsible for setting the governance policies and standards to be used for onshore business readiness and large scale onshore transmission infrastructure and regulatory auditing and monitoring of OpEx and CapEx delivery.

The team also develops reports on schedule and financial information and delivery of outcomes and benefits aligned to strategic objectives across the development and readiness of the onshore transmission infrastructure to key stakeholders such as DECC and the CRU.

Key responsibilities
  • Power BI Development:
    • Build and maintain dynamic dashboards and reports using Power BI.
    • Translate complex datasets into clear, actionable visualizations.
  • ETL & Data Engineering:
    • Design and implement ETL pipelines to ingest, clean, and transform data from multiple sources.
    • Work with structured and semi-structured data across cloud and on-prem environments.
  • Data Modelling & Integration:
    • Develop robust data models to support scalable reporting and analytics.
    • Collaborate with IT and business teams to integrate data across systems.
  • Data Quality & Governance:
    • Apply data validation and quality assurance checks to ensure accuracy and consistency.
    • Support metadata management and documentation of data flows.
  • Collaboration:
    • Work closely with business stakeholders to understand data needs and deliver tailored solutions.
    • Contribute to cross-functional efforts to improve data accessibility and usability.

About you

Successful candidates will have:
  • A university degree in Business, Information Technology or other equivalent degree, typically with 3+ years relevant experience
  • Advanced proficiency in Power BI, DAX, and data visualization techniques.
  • Excellent problem-solving skills and attention to detail.
  • Experience implementing data analytic tools, reporting dashboards and business process change initiatives to improve data management and quality assurance
  • Ability to engage and collaborate with stakeholders in other functions to deliver on project goals.
Desirable
  • Understanding of data warehousing, data lakes, and cloud platforms (Microsoft Fabric preferred).
  • Experience with ETL tools and processes (e.g., SQL, Python, Azure Data Factory).
  • Familiarity with data governance, quality assurance, and metadata management.
Closing date for applications
5th December 2025

We're dedicated to diversity and inclusion at Eirgrid. We recognise the strength that comes from having a diverse workforce and the importance of a supportive culture for all our people to achieve their potential. Our diversity and inclusion networks have been designed to create an inclusive culture that enables our people to feel a sense of belonging at work.

As an equal opportunities’ employer, we welcome applications from people of all backgrounds. Reasonable accommodations are offered at every stage of our recruitment process.

Tailor Your Resume for this Job


Share with Friends!