Find Your Next Job
Bainisteoir Ginearálta - General Manager
Posted on Aug. 13, 2026
- Inishmore, Ireland
- 0 - 0 USD (yearly)
- Full Time
Tailor Your Resume for this Job
Tá Athchúrsáil Árann DAC, eagraíocht phobail náisiúnta a bhfuil gradaim bainte amach aici as a cuid oibre i mbainistiú dramhaíola, athchúrsála agus aisghabhála, ag lorg iarratas don phost mar Bhainisteoir Ginearálta.
Beidh an Bainisteoir Ginearálta lonnaithe ar Inis Mór, ag tuairisciú do Bhord Stiúrthóirí na cuideachta, agus beidh freagracht air/uirthi as bainistiú agus reáchtáil laethúil na heagraíochta ar fud Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr.
Tá leabhrán eolais faoin bpost ar fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig eolas@cfarann.ie, nó is féidir cóip a fháil ó oifigí Chomharchumann Forbartha Árann.
Príomhfhreagrachtaí
Beidh an té a cheapfar freagrach as:
- Foireann a bhainistiú agus a mhaoirsiú ar fud na dtrí Oileán Árann, lena n-áirítear sceidil oibre, róstair agus dualgais a roinnt ar an bhfoireann.
- Maoirseacht a dhéanamh ar reáchtáil laethúil na seirbhísí bailithe dramhaíola, athchúrsála agus aisghabhála.
- A chinntiú go gcomhlíontar na riachtanais chuí maidir le Sláinte agus Sábháilteacht, an comhshaol agus bainistiú dramhaíola.
- Maoirseacht a dhéanamh ar fheithiclí, innealra, trealamh agus riachtanais chothabhála na heagraíochta.
- Taifid riaracháin, airgeadais agus oibríochtúla a bhainistiú agus tuairiscí rialta a chur faoi bhráid an Bhoird Stiúrthóirí.
- Teagmháil agus comhoibriú a dhéanamh le Comhairle Chontae na Gaillimhe, Pobal, comhlachtaí maoinithe, conraitheoirí, soláthraithe agus eagraíochtaí ábhartha eile.
- Leanúnachas agus éifeachtúlacht na seirbhíse riachtanaí seo do phobal na n-oileán a chinntiú.
Riachtanais Riachtanacha
Ní mór d’iarratasóirí:
- Dhá bhliain ar a laghad de thaithí ábhartha a bheith acu ar fhoireann a mhaoirsiú agus/nó a bhainistiú.
- Ceadúnas tiomána iomlán Aicme C (HGV) a bheith acu.
- Caighdeán maith oideachais a bheith acu.
- Scileanna láidre eagrúcháin, ceannaireachta agus bainistíochta foirne a bheith acu.
- A bheith in ann dualgais a tharmligean go soiléir agus oibriú go héifeachtach le daoine eile.
- Scileanna maithe ríomhaireachta, riaracháin agus coimeádta taifead a bheith acu.
- Scileanna maithe cumarsáide agus cumas praiticiúil fadhbanna a réiteach a bheith acu.
- Tuiscint mhaith a bheith acu ar Shláinte agus Sábháilteacht san ionad oibre agus ar Chórais Shábháilte Oibre.
Buntáiste Breise
Bheadh buntáiste ag baint leis na cáilíochtaí agus an taithí seo a leanas:
- Cumas maith sa nGaeilge, go háirithe ós rud é go bhfuil obair na heagraíochta fréamhaithe i bpobail Ghaeltachta Oileáin Árann.
- Taithí i mbainistiú dramhaíola, athchúrsáil nó seirbhísí comhshaoil.
- Safe Pass agus deimhnithe/ticéid ábhartha CSCS, Teleporter agus 360 mini digger ceadúnas .
- Taithí ar fheithiclí, trealamh nó innealra.
- Eolas ar Shláinte agus Sábháilteacht agus ar Chórais Shábháilte Oibre.
- Taithí i riarachán airgeadais nó ag obair le heagraíocht phobail, eagraíocht atá maoinithe trí dheontais, nó eagraíocht atá maoinithe go poiblí.
Teastaíonn don phost seo duine praiticiúil, eagraithe agus díograiseach, atá in ann foireann a threorú, oibriú as a stuaim féin agus déileáil go héifeachtach leis na dúshláin ar leith a bhaineann le seirbhís riachtanach a chur ar fáil ar fud trí oileán.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Seol litir iarratais agus CV reatha chuig:
An Bainisteoir
Comharchumann Forbartha Árann
Ionad Fiontar Colm Ó hIarnáin
Cill Rónáin
Inis Mór, Árainn
Cuan na Gaillimhe
Dáta Deiridh d’Iarratais: 3 Meán Fómhair 2026
D’fhéadfaí gearrliostú a dhéanamh.
Is fostóir comhdheiseanna é Athchúrsáil Árann DAC.
----------------------
Athchúrsáil Árann DAC, a nationally award-winning community waste, recycling and recovery organisation, invites applications for the position of General Manager.
Based on Inis Mór, the General Manager will report to the Board of Directors and will have responsibility for the management and day-to-day operation of the organisation across Inis Mór, Inis Meáin and Inis Oírr. Information booklet is available email, from eolas@cfarann.ie, or collection at the offices of CFA.
Key Responsibilities
The successful candidate will be responsible for:
- Managing and supervising staff across the three Aran Islands, including work schedules, rosters and allocation of duties.
- Overseeing the day-to-day operation of waste collection, recycling and recovery services.
- Ensuring compliance with relevant Health & Safety, environmental and waste management requirements.
- Overseeing vehicles, machinery, plant, equipment and maintenance requirements.
- Managing administrative, financial and operational records and reporting regularly to the Board of Directors.
- Liaising with Galway County Council, Pobal, funding bodies, contractors, suppliers and other relevant organisations.
- Ensuring the continuity and efficient delivery of this essential island service.
Essential Requirements
Applicants must have:
- A minimum of two years' relevant experience supervising and/or managing staff.
- A full Class C (HGV) driving licence.
- A good standard of education.
- Strong organisational, leadership and staff management skills.
- The ability to delegate duties clearly and work effectively with others.
- Good computer, administrative and record-keeping skills.
- Good communication and practical problem-solving abilities.
- An understanding of workplace Health & Safety and Safe Systems of Work.
Desirable
The following would be an advantage:
- Proficiency in the Irish language, particularly given the organisation's work within the Gaeltacht communities of the Aran Islands.
- Experience in Waste Management, recycling or Environmental Services.
- Safe Pass and relevant CSCS, Teleporter, & 360 Mini digger certification
- Experience with vehicles, plant or machinery.
- Knowledge of Health & Safety and Safe Systems of Work.
- Experience in financial administration.
The position requires a practical, organised and motivated individual with the ability to lead a team, work independently and respond effectively to the particular operational challenges of providing an essential service across three islands.
How to Apply
Please submit an application letter and current CV to:
Manager
Comharchumann Forbartha Arann
Ionad Fiontar Colm Ó hIarnáin
Cill Rónáin
Inis Mór, Árainn
Cuan na Gaillimhe
Closing Date: 3rd September 2026
Shortlisting may apply.
Athchúrsáil Árann DAC is an Equal Opportunities Employer.
Pay: €45,000.00-€53,000.00 per year
Work Location: In person
Tailor Your Resume for this Job
Share with Friends!