Find Your Next Job

Comhordaitheoir Oibríochtaí Daonna / People Operations Co-Ordinator

Posted on July 29, 2025

  • Dublin, Ireland
  • 0 - 0 USD (yearly)
  • Full Time

Comhordaitheoir Oibríochtaí Daonna / People Operations Co-Ordinator

Apply to 500+ LinkedIn Jobs Automatically


Job Type

Full-Time

Remote Work Option

Hybrid

Category

HR, Training, Recruitment

Location

Dublin City, County Dublin, Ireland

Job Details

Comhordaitheoir Oibríochtaí Daonna

Cúlra
Is muidne atá taobh thiar de ghreille leictreachais na hÉireann, agus tá Straitéis uaillmhianach Ghnó forbartha againn mar fhreagairt ar na hathruithe agus ar na deiseanna ar scála nach bhfacthas riamh cheana i dtionscal an leictreachais. Tá sé mar bhunchuspóir againn an córas cumhachta a chlaochlú do na glúnta atá le teacht agus é mar phríomhsprioc againn a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le hInbhuanaitheacht agus Dícharbónú san Earnáil Leictreachais ar fud an Oileáin.
Tá fás agus méadú suntasach tagtha ar ár ngnólacht le gairid gus aithnímid go bhfuil ról lárnach ag ár bhfoireann sa rath sin. Tá sé mar phríomhthosaíocht againn ár bhfoireann a mhealladh, a choinneáil agus a fhorbairt agus tá Straitéis Foirne uaillmhianach againn atá ag teacht lenár spriocanna straitéiseacha gnó.

An Fhoireann
Tá an phríomhfhreagracht ar an Oifig Dhaonna agus Inniúlachta maidir le fís a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm don chlaochlú eagraíochtúil, chun tograí a spreagadh a thacaíonn le spriocanna straitéiseacha EirGrid sa bhainistíocht dhaonna, sa chumarsáid inmheánach agus san fheabhsú próisis.
Tá Grúpa EirGrid bródúil as an timpeallacht dhearfach oibre a chuireann sé ar fáil dá dhaoine trí áiseanna don ionad oibre den chéad scoth a chur ar fáil sna hoifigí i mBaile Átha Cliath agus sna struchtúir nua atá lonnaithe go réigiúnach. Cinntíonn an Oifig Dhaonna agus Inniúlachta go bhfuil caighdeán na maoine agus na n-áiseanna ard i gcónaí ach seirbhísí soláthraithe tríú páirtí a threisiú ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh costas de.

Cuspóir an Róil
Beidh príomhról ag an gComhordaitheoir Oibríochtaí Daonna maidir le sainchúram fhoireann na nOibríochtaí Daonna a bhaint amach ar fud EirGrid. Cé go bhfuil an ról bunaithe laistigh de fhoireann na nOibríochtaí Daonna, beidh an ról ag feidhmiú ar fud na bpróiseas ar fad a bhaineann le cúrsaí daoine laistigh den fheidhmeannas Daoine & Inniúlachta le béim ar thaithí na bhfostaithe, ar sheirbhís do chustaiméirí agus ar chaighdeán sonraí.

Príomhfhreagrachtaí
  • Freagrach as iontráil sonraí ardchaighdeáin, cothabháil agus nuashonrú a dhéanamh ar fhaisnéis, agus ag cinntiú go bhfuil ardchaighdeán ag baint le sonraí gach fostaí.
  • Bí i d'úsáideoir saineolach ar an gCóras Eolais Acmhainní Daonna (HRIS) ó thaobh daoine de, sa chaoi go bhféadfaí eolas ar an gcóras a roinnt le baill foirne.
  • Freagrach as iarratais i mbosca ríomhphoist na nOibríochtaí Foirne a bhainistiú agus monatóireacht a dhéanamh orthu agus léargas a thabhairt trí anailís agus trí staitisticí ar úsáid.
  • Tacú le hidirghníomhaíochtaí ar fud na bhfoirne a leanas; Oibríochtaí Daonna, Cúiteamh & Leasanna agus Earcú Tallainne, lena chinntiú go gcuirfear daoine ar an eolas faoi athruithe ar théarmaí agus coinníollacha fostaithe gan mhoill.
  • Tacú leis an bhfoireann príomhthuairiscí a ullmhú agus a scríobh, aschur ardchaighdeáin á chinntiú, agus úinéireacht a ghlacadh ar phríomhthuairiscí amach anseo.
  • A bheith i gceannas ar thascanna riaracháin ar leith san fhoireann agus iad a bhainistiú e.g. ionduchtú, asduchtú, promhadh, orduithe ceannaigh, saoire chosanta.
  • Freagrach as doiciméid phríobháideacha a leagan amach agus cothabháil a dhéanamh orthu, ag cinntiú go ndéantar doiciméid agus gníomhaíochtaí a ghabháil agus a bhainistiú go cúramach.

Saineolas, Scileanna agus Taithí
  • Taithí ábhartha i dtimpeallacht oibríochta chorparáide
  • Is fearr Taithí ar Oibríochtaí Daoine, ach ní riachtanas atá ann
  • In ann sonraí príobháideacha a láimhseáil go cúramach
  • Eolas maith ar Chóras Eolais Acmhainní Daonna (HRIS)
  • Scileanna láidre cumarsáide agus idirphearsanta
  • An-chumas uimhriúil agus mionchruinneas
  • Scileanna eagrúcháin agus bainistíochta ama den scoth
  • An-inniúil ar gach feidhmchlár MS Office, go háirithe MS Excel
  • Cumas oibriú mar chuid d'fhoireann i dtimpeallacht dhinimiciúil athraitheach.

Má shíleann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí chuí agat don ról seo, uaslódáil do CV mar aon le litir chumhdaigh, le do thoil. Ba bhreá linn cloisteáil uait.

Is é an dáta deiridh d’iarratais: Dé hAoine, 8 Lúnasa 2025

Táimid tiomanta don éagsúlacht agus don chuimsiú in Eirgrid. Aithnímid an neart a thagann as lucht saothair éagsúil a bheith againn agus an tábhacht a bhaineann le cultúr tacúil dár ndaoine uile chun a n-acmhainneacht a bhaint amach. Dearadh ár líonraí éagsúlachta agus cuimsithe chun cultúr cuimsitheach a chruthú a chuireann ar chumas ár ndaoine muintearas a mhothú ag an obair.

Mar fhostóir comhdheiseanna, cuirimid fáilte roimh iarratais ó dhaoine ó gach cúlra. Cuirtear socruithe réasúnta ar fáil ag gach céim dár bpróiseas earcaíochta.

People Operations Co-ordinator

Background
We are the people behind Ireland’s electricity grid, and we have developed an ambitious Business Strategy to respond to the unprecedented level of change and opportunity in the energy industry. Our Purpose is to Transform the Power System for Future Generations and our primary goal is to Lead the Island’s Electricity Sector on Sustainability and Decarbonisation.
Our business has experienced significant growth and expansion recently and we recognise that our people are key to our continued success. Attracting, retaining, and developing our people are key priorities and we have an ambitious People Strategy which aligns with our strategic business objectives.

The Team
The People and Capability Office has overall responsibility for crafting and implementing a vision for organisational transformation, driving initiatives that support EirGrid strategic goals in people management, internal communications, and process enhancement.
EirGrid Group prides itself on the positive working environment it provides its people through best-in-class workplace facilities at the offices in Dublin facilities and the new regionally based structures. The People and Capability Office ensures that the standards of property and facilities are maintained by leveraging the services of third-party providers in a cost-effective manner.

Job Purpose
The People Operations Co-ordinator will play a key role in supporting the delivery of the People Operations team’s remit across EirGrid. While the role is based in the People Operations team, this role will work across all people processes within the People & Capability function with a focus on employee experience, customer service and data integrity.

Key Responsibilities
  • Responsible for quality data entry, maintenance and updating of information, ensuring a high level of data integrity is achieved in relation to all employee data.
  • Become an expert user of the HRIS from a People perspective to the point where system knowledge can be shared with team members.
  • Responsible for monitoring and maintaining queries from People Operations mailbox and providing insights via analysis and usage statistics.
  • Support the interactions across the People Operations, Compensation & Benefits and Talent Acquisition teams to ensure changes to employee terms and conditions and onboarding details are communicated in a timely manner.
  • Support the team in the preparation and generation of key reports ensuring quality output, in time taking ownership for key reports.
  • Own and manage specific administrative tasks in the team e.g. onboarding, offboarding, probation, purchase orders, protected leave.
  • Responsible for set up and maintenance of confidential files, ensuring that documentation and activities are captured and managed carefully.

Knowledge, Skills and Experience
  • Relevant experience within a corporate operational environment
  • People Operations experience desirable, but not essential
  • Ability to tactfully handle confidential data
  • Good knowledge of a HRIS
  • Strong communication and interpersonal skills
  • Strong numerical ability and attention to detail
  • Excellent organisational and time management skills
  • High level of proficiency in all MS Office applications, notably MS Excel
  • Ability to work effectively as part of a team in a dynamic and changing environment.

If you believe you have the skills and experience relevant for this position, please upload your CV and a cover letter. We want to hear from you.

Closing date for applications: Friday, 8th August 2025

We're dedicated to diversity and inclusion at Eirgrid. We recognise the strength that comes from having a diverse workforce and the importance of a supportive culture for all our people to achieve their potential. Our diversity and inclusion networks have been designed to create an inclusive culture that enables our people to feel a sense of belonging at work.

As an equal opportunities’ employer, we welcome applications from people of all backgrounds. Reasonable accommodations are offered at every stage of our recruitment process.

Apply to 500+ LinkedIn Jobs Automatically


Share with Friends!