Find Your Next Job

Innealtóir Sinsearach - Tacaíochta & Anailíse Córas / Senior Engineer - System Support & Analysis

Posted on June 13, 2025

  • Dublin, Ireland
  • 0 - 0 USD (yearly)
  • Full Time

Innealtóir Sinsearach - Tacaíochta & Anailíse Córas / Senior Engineer - System Support & Analysis

Apply to 500+ LinkedIn Jobs Automatically


Job Type

Permanent Full-Time

Remote Work Option

Hybrid

Category

Engineering

Location

Dublin City, County Dublin, Ireland

Job Details

Is muide a fheidhmíonn eangach leictreachais na hÉireann. Feidhmíonn muid an córas cumhachta le leibhéil den scoth ginte in-athnuaite aisioncronaigh athraithigh, le cinntiú go mbíonn cumhacht ag gach duine nuair a theastaíonn sé uathu. Ach ní hé sin bun agus barr an scéil, tá muid anois ag tabhairt faoi chlaochlú an chórais chumhachta do na glúnta inár ndiaidh.

Agus níl ansin ach an tús. Tá cuspóir tábhachtach againn. Is é sin claochlú an chórais chumhachta le cur ar chumas ár sochaí astaíochtaí carbóin a laghdú agus ár spriocanna athraithe aeráide agus neodrachta a bhaint amach.

Glac páirt sa chlaochlú seo!

An Deis
Tá Innealtóir Sinsearach á lorg againn dár bhfoireann Tacaíochta & Anailíse Córas.

Mar Innealtóir Sinsearach, oibreoidh tú leis an bhfoireann i réimsí lena n-áirítear anailís ildisciplínithe ar fhadhbanna teicniúla agus eacnamaíocha, réitigh, próisis agus modheolaíochtaí a mholadh, chomh maith le cuir i láthair agus tuarascálacha a ullmhú le haghaidh rannpháirtíocht páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha. Beimid ag iarraidh go ndéanfaidh tú ranníocaíochtaí ar fud an chórais chumhachta agus an mhargaidh, idir tacú le clárú, coimisiúnú agus tástáil rannpháirtithe nua agus monatóireacht a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht leanúnach, a gcuid sonraí teicniúla agus torthaí margaidh a bhainistiú an bealach ar fad go díchoimisiúnú.
Mar Innealtóir Sinsearach, cinnteoidh tú freisin go ndéanfar seirbhísí córais criticiúla, lena n-áirítear dúthosú agus athchóiriú éigeandála, a bhainistiú i gcomhréir le prionsabail shlána ach eacnamaíocha ar mhaithe le gach tomhaltóir leictreachais.

An Fhoireann
Leis an bhFeidhm Tacaíochta agus Anailíse Córais, éascaítear saolré oibríochtúil ceann ceann na nasc eangaí, ó Choimisiúnú, Tástáil agus Clárú, agus monatóireacht feidhmíochta agus anailís ar fhothaí sonraí suas le díchoimisiúnú, agus na próisis ghaolmhara le haghaidh Taraifí, Neamhfhoirfeachtaí agus Maoluithe á mbainistiú ag an am céanna. Cinntíonn an fhoireann comhlíonadh an Chóid Eangaí maidir le gach nasc nua leis an eangach agus maidir le gléasra atá ag iarraidh seirbhísí córais a sholáthar a bhailíochtú, lena n-áirítear ceanglais tástála a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm de réir phróiseas an Fhógra Oibríochtúil i gcomhréir leis an gCód Eangaí. Déanann an fhoireann anailís laethúil ar gach gné a bhaineann le feidhmíocht feirmeacha gaoithe, feirmeacha gréine, DSUnna, ceallraí agus gnáthaonad chun fadhbanna a dhéanann difear d’oibriú an chórais a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear comharthaíocht, seoltaí teipthe, turais, freagairt mhinicíochta agus soláthar seirbhísí coimhdeacha i gcomhréir le luachanna conarthacha agus leis na Cóid Eangaí agus Líonra ábhartha. Déanann an fhoireann sonraí a bhaineann leis an margadh atá ábhartha maidir le rannpháirtithe a bheith ar fáil, treoracha seolta agus sonraí méadair a chomhiomlánú, a bhailíochtú agus a fhoilsiú, agus dearbhú agus rialú cáilíochta maidir leis na nithe sin á soláthar. I gcásanna áirithe, breithneoidh an fhoireann cumas na n-aonad na caighdeáin a leagtar amach sna Cóid Eangaí agus Líonra a chomhlíonadh agus féadfaidh sí maolú sealadach a mholadh ina n-aghaidh má mheasann na hÚdaráis Rialála gurb iomchuí sin. Bainistíonn an Fhoireann measúnuithe Cáilíochta Seirbhísí Córais DS3 in éineacht le híocaíochtaí TUOS agus Seirbhísí Córais. Déanann an fhoireann samhaltú teicnea-eacnamaíoch freisin chun meastóireacht agus réamhaisnéis a dhéanamh ar na costais a bhaineann leis an gcóras cumhachta a fheidhmiú le haghaidh aisghabháil ioncaim. Tar éis dul i gcomhairle leis na hÚdaráis Rialála, déantar taraifí agus úsáid muirear córais de sin. Déantar anailís agus tuairisciú freisin ar aon neamhfhoirfeachtaí a eascraíonn as míchothromaíochtaí seolta agus srianta córais in aghaidh na gcostas buiséadaithe.
Is deis iontach é seo do dhaoine nuálacha, atá dírithe ar réitigh, athléimneacha agus spreagtha a bheith páirteach inár bhfoireann agus ról lárnach a bheith acu san aistriú chuig todhchaí fuinnimh ísealcharbóin.

Fút Féin
  • Céim innealtóireachta nó a coibhéis, agus taithí iarcháilíochta 4 bliana ar a laghad de ghnáth i dtionscal an leictreachais, go háirithe oibríochtaí córais nó margaí.
  • Eolas láidir ar chórais cumhachta leictrí agus feasacht ar spriocanna agus mianta fuinnimh chun an earnáil fuinnimh a dhícharbónú.
  • Eolas ar mhargaí cumhachta mórdhíola agus ar shocruithe margaidh sa Mhargadh Leictreachais Aonair.
  • Taithí ar fhoireann ildisciplíneach agus sárchumas anailíse cáilíochtúla agus cainníochtúla, mar aon leis an gcumas breithiúnais réasúnaithe a dhéanamh bunaithe ar an eolas atá ar fáil i dtimpeallacht athraitheach dhinimiciúil.
  • An cumas rialacha, cóid agus caighdeáin a dhéanamh de bheartas agus coincheapa agus a mhalairt.
  • Gléasraí a thástáil lena n-áirítear monarchana OEM a thástáil chomh maith le tacú le coimisiúnú agus fuinnmhiú.
  • Uirlisí anailíse córas cumhachta amhail Plexos agus PSS/E.
Dáta deiridh le haghaidh iarratas 27 Meitheamh 2025

In EirGrid táimid tiomanta don éagsúlacht agus don ionchuimsiú. Aithnímid go n-eascraíonn neart as éagsúlacht na foirne agus gur tábhachtach cultúr tacúil chun gur féidir le gach duine dár gcuid barr a gcumais a bhaint amach. Tá ár líonraí éagsúlachta agus ionchuimsithe ceaptha chun cultúr ionchuimsitheach a chruthú, a spreagann muintearas i measc ár mbaill foirne agus iad ag an obair.

Mar fhostóir comhdheiseanna, cuirimid fáilte roimh iarratais ó dhaoine as gach cúlra. Soláthraítear córaíocht réasúnta ag gach céim dár bpróiseas earcaíochta.

We are the people behind Ireland’s electricity grid. We operate the power system with world leading levels of variable asynchronous renewable generation, ensuring that everyone has power when they need it. But that’s not all, we are now transforming the power system for future generations.

And that’s just the beginning of our story. We have a critical purpose. That purpose is to transform the power system to enable our society to reduce our carbon emissions and meet our climate change and net zero ambitions.

Be part of the transformation!

The Opportunity
We are now seeking a Senior Engineer to join our System Support & Analysis team.

As Senior Engineer, you will work with the team in areas including multi-disciplined analysis of technical and economic problems, propose solutions, processes and methodologies, as well as prepare presentations and reports for internal and external stakeholder engagement. We will look to you to make contributions end-to-end across the power system and market, from supporting the registration, commissioning and testing of new participants to monitoring their ongoing performance, managing their technical data and market outcomes all the way through to decommissioning.
As Senior Engineer, you will also ensure that critical system services, including blackstart and emergency restoration, are managed in accordance with secure but economic principles for the benefit of all electricity consumers.

The Team
The System Support and Analysis Function facilitates the end-to-end operational life cycle of grid connections, from Commissioning, Testing and Registration, through performance monitoring and data feed analysis until decommissioning, while managing the associated Tariffs, Imperfections and Derogations processes. The team ensures Grid Code compliance for all new connections to the grid and for validating plant seeking to provide system services, including developing and executing test requirements as per the Operational Notification process in accordance with the Grid Code. The team carry out daily analysis of all aspects related to the performance of windfarms, solar farms, DSUs, batteries and conventional units to identify and address issues that affect system operation including signalling, failed dispatches, trips, frequency response and the provision of ancillary services in line with contracted values and the relevant Grid and Network Codes. The team aggregate, validate and publish market related data pertinent to participant availability, dispatch instructions and meter data, providing assurance and quality control of same. In certain scenarios, the team will consider the capability of the units to comply with the standards set out in the Grid and Network Codes and may propose for a temporary derogation against them if the Regulatory Authorities deem appropriate. The Team manage the DS3 System Services Qualification assessments along with TUOS and System Services payments. The team also execute techno-economic modelling to evaluate and forecast the costs of operating the power system for revenue recovery. Following consultation with the Regulatory Authorities, this is translated into tariffs and use of system charges. Any imperfections arising dispatch imbalances and system constraints are also analysed and reported on against the budgeted costs.
This is an excellent opportunity for innovative, solution-focused, resilient, and motivated individuals to join our team and play a key role in the transition to a low carbon energy future.

About you
  • Engineering degree or equivalent, with typically a minimum of 4 years post qualification experience in the electricity industry, especially system operations or markets.
  • Strong knowledge of electrical power systems and awareness of energy targets and ambitions for decarbonisation of the energy sector.
  • Knowledge of wholesale power markets and market arrangements in the SEM.
  • Experience in a multidisciplinary team and excellent qualitative and quantitative analytical abilities, coupled with the ability to make reasoned judgements based on available information in a changing and dynamic environment.
  • Ability to translate policy and concepts into rules, codes and standards and vice versa.
  • Plant testing including OEM factory testing as well as supporting commissioning and energisation.
  • Power system analysis tools such as Plexos and PSS/E.
Closing date for applications 27 June 2025

We're dedicated to diversity and inclusion at Eirgrid. We recognise the strength that comes from having a diverse workforce and the importance of a supportive culture for all our people to achieve their potential. Our diversity and inclusion networks have been designed to create an inclusive culture that enables our people to feel a sense of belonging at work.

As an equal opportunities’ employer, we welcome applications from people of all backgrounds. Reasonable accommodations are offered at every stage of our recruitment process.

Apply to 500+ LinkedIn Jobs Automatically


Share with Friends!