Find Your Next Job
Speisialtóir Chuntais Iníoctha Tso / Tso Account Payable Specialist
Posted on June 13, 2025
- D, Ireland
- 0 - 0 USD (yearly)
- Full Time

Apply to 500+ LinkedIn Jobs Automatically
Full-Time
Hybrid
Business and Corporate
County Dublin, Ireland
Job Details
Oibríonn agus forbraíonn EirGrid Group an córas leictreachais in Éirinn. Is é an t-athrú aeráide agus aistriú na hearnála leictreachais chuig fuinneamh ísealcharbóin in-athnuaite a mhúnlaíonn ár straitéis. Tá ról uathúil le himirt againn maidir leis an gclaochlú radacach atá ag teastáil a threorú. Déanann ár straitéis achoimre ar ár bhfreagairt ar na dúshláin sin. Is éard atá ann sraith príomhspriocanna, a bhfuil ár gcuspóir chun an córas cumhachta a athrú do na glúine atá le teacht mar bhonn taca leo.
An Fhoireann
Tá an Oifig Airgeadais freagrach as soláthar eolais thráthúil agus léargasaigh airgeadais don Bhord, don Fheidhmeannas agus don Bhainistíocht. Tá sí freagrach chomh maith as forbairt leanúnach nósanna imeachta rialála agus chóras eolais airgeadais inmheánach an chomhlachta chun riachtanais rialála agus reachtúla a chomhlíonadh. Tá cur chuige tábhachtach comhpháirtíochta gnó ag an Rannóg Airgeadais ar fud na Stiúrthóireachtaí Feidhmeannacha ar fad sa Ghrúpa chun tacú le seachadadh chuspóirí straitéiseacha EirGrid agus iad a chumasú.
An Deis
Déanann Foireann na gCuntas Iníoctha maoirseacht éifeachtach ar phróisis chuntais iníoctha EirGrid. Tá freagracht ar Riarthóir na gCuntas Iníoctha cruinneas, iomláine agus próiseáil thráthúil na n-idirbheart gaolmhar uile i roinn na gcuntas iníoctha a chinntiú de réir nósanna imeachta na cuideachta. Déanann sealbhóir an róil idirchaidreamh le raon teagmhálacha inmheánacha agus seachtracha go tráthúil chun a chinntiú go bpróiseáiltear gach fadhb a bhaineann le cuntais iníoctha ar bhealach éifeachtúil. Beidh ról lárnach ag an iarrthóir i bpróiseas táirgthe na gcuntas ach eolas tráthúil cruinn a sholáthar le haghaidh tuairisciú agus anailís airgeadais.
Príomhfhreagrachtaí
- A chinntiú go ndéantar sonraisc a ionchur go cruinn le haghaidh íocaíochta, MLG, CBL agus tuairisciú ionaid costais agus iad a mheaitseáil le hOrduithe Ceannaigh (PO);
- Oibriú le Soláthar agus le ranna eile maidir le fadhbanna PO;
- Ceisteanna íocaíochta na soláthraithe a chur in iúl agus a réiteach leo;
- Réitigh mhíosúla an Chuntais Rialúcháin agus réitigh leanúnacha Soláthraithe;
- Sean-iarmhéideanna creidiúnaithe a imscrúdú agus a réiteach chun a chinntiú go bhfanfaidh iarmhéideanna uile na gcreidiúnaithe laistigh de théarmaí creidmheasa comhaontaithe;
- Cuidiú leis na cuntais deireadh míosa agus deireadh bliana a chur i gcrích
- Doiciméadacht tacaíochta a ullmhú chun críoch iniúchóireachta;
- Deiseanna a shainaithint chun próisis agus nósanna imeachta atá ann cheana a fheabhsú, éifeachtúlacht a spreagadh agus glacadh le teicneolaíocht nua;
- Tástáil agus feabhsuithe ar an gcóras ERP
- Aon dualgais ad hoc ghaolmhara eile de réir mar a shanntar iad;
- Scéimeanna míosúla a ullmhú chun spriocdhátaí a leagan amach.
Fút Féin
- Taithí Airgeadais 3+ bliana ar a laghad agus céim ghnó nó céim choibhéiseach aige nó aici más féidir;
- An cumas oibriú le spriocdhátaí dochta agus torthaí a bhaint amach;
- Ardscileanna uimhearthachta agus cur chuige anailíseach i leith na hoibre;
- Dírithe ar mhionsonraí agus sárchumas eagrúcháin agus oibriú le méideanna móra sonraí;
- Scileanna láidre idirphearsanta agus cumarsáide;
- An cumas caidrimh oibre láidre, dhearfacha agus chomhoibríocha a fhorbairt agus a choinneáil le custaiméirí inmheánacha agus le soláthraithe seachtracha;
- Ardleibhéal seirbhíse do chustaiméirí a sholáthar;
- Saineolas ar Excel agus ar MS Word;
- Taithí ar MS Dynamics AX nó ERP eile atá bunaithe ar Orduithe Ceannaigh
TSO Account Payable Specialist
EirGrid Group operates and develops the electricity system in Ireland. Our strategy is shaped by climate change and the transition of the electricity sector to low-carbon, renewable energy. We have a unique role to play in leading the radical transformation that is required. Our strategy sums up our response to these challenges. It consists of a set of key goals, underpinned by our purpose to Transform the power
system for future generations.
The Team
The Finance Office is responsible for the provision of timely and insightful financial information to the Board, Executive and Management. It also has responsibility for the ongoing development of the company’s internal control procedures and financial information system to fulfil regulatory and statutory requirements. The Finance Department provides a key business partnering approach across all of the Executive Directorates across the Group to support and enable delivery of EirGrid’s strategic objectives.
The Opportunity
The Accounts Payable Team effectively oversees the EirGrid accounts payable processes. The Accounts Payable Administrator role has responsibility to ensure the accuracy, completeness and timely processing of all related transactions in the accounts payable section in accordance with company procedures. The role holder liaises with a range of internal and external contacts in a timely manner to ensure all accounts payable issues are processed in an efficient manner. The candidate will play a key role in the accounts production process by providing timely and accurate information for financial reporting and analysis.
Key Responsibilities
- Ensuring that invoices are input accurately for payment, GL, VAT and cost centre reporting and matching with Purchase Orders (PO);
- Working with Procurement and other departments on PO issues;
- Communicating and resolving with suppliers their payment queries;
- Monthly Control Account reconciliations and on-going Supplier reconciliations;
- Investigating and resolving old creditor balances to ensure that all creditor balances remain within agreed credit terms;
- Assisting with completing of month end and year end
- Prepare supporting documentation for audit purposes;
- Identifying opportunities for improving existing processes and procedures, driving efficiency and embracing new technology;
- ERP system testing and enhancements
- Any other associated ad-hoc duties as assigned;
- Preparation of monthly schemes to set out deadlines.
About You
- Minimum of 3+years’ Finance experience ideally with a business or equivalent degree;
- Ability to work to tight deadlines and deliver results;
- High numeracy skills and an analytical approach to work;
- Excellent attention to detail and ability to organise and work with large volumes of data;
- Strong interpersonal and communication skills;
- Ability to develop and maintain strong, positive and collaborative working relationships with internal customers and external suppliers;
- Deliver a high level of customer service;
- Excellent knowledge of Excel and Ms Word;
- Previous experience with MS Dynamics AX or other Purchase Order based ERP
If you believe you have the skills and experience relevant for this position, please upload your CV and a cover letter. We want to hear from you.
Má cheapann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí ábhartha agat don ról seo, iarrtar ort do CV agus litir chumhdaigh a uaslódáil. Ba bhreá linn scéala a fháil uait.
Dáta deiridh d’iarratais - Closing date for applications – 27th June 2025
Mar fhostóir comhdheiseanna, cuirimid fáilte roimh iarratais ó dhaoine as gach cúlra. Soláthraítear córaíocht réasúnta ag gach céim dár bpróiseas earcaíochta.
We're dedicated to diversity and inclusion at Eirgrid. We recognise the strength that comes from having a diverse workforce and the importance of a supportive culture for all our people to achieve their potential. Our diversity and inclusion networks have been designed to create an inclusive culture that enables our people to feel a sense of belonging at work.
As an equal opportunities’ employer, we welcome applications from people of all backgrounds. Reasonable accommodations are offered at every stage of our recruitment process.
Apply to 500+ LinkedIn Jobs Automatically
Share with Friends!