Find Your Next Job

Maor Craolta (Graificí), Rté

Posted on Oct. 24, 2025

  • Galway, Ireland
  • 0 - 0 USD (yearly)
  • Part Time

Maor Craolta (Graificí), Rté

Tailor Your Resume for this Job


Maor Craolta (Graificí)

Is é RTÉ eagraíocht náisiúnta meán seirbhíse poiblí na hÉireann. Tá muid ag tabhairt faoi straitéis fhuinniúil agus uaillmhianach chúig bhliana chun feidhmniú na heagraíochta a leasú agus a thabhairt suas chun dáta. Is é is misean dúinn bheith mar fhoinse neamspleách scéalta, nuachta, faisnéise agus siamsaíochta d’Éirinn, ag léiriú éagsúlacht a muintire agus ag cur ábhar ar fáil a shaibhríonn an saol dóibh.
Spreagann an sprioc seo sinn i dtreo na gcaighdeán is airde, i dtimpeallacht na meithile a lán tacaíochta agus caidrimh. Is é togha na foirne a mhealladh agus a coinneáil an rud a éascaíonn an freastal ar an lucht faire. Is mian linn go mbláthódh daoine i dtimpeallacht a bhfuil meas ar a saothar.

An Fhoireann
Mar eagraíocht náisiúnta meán seirbhíse poiblí na hÉireann, cuireann Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ ábhar iontaofa nuachta agus cúrsaí reatha ar fáil ar árdáin éagsúla.

Tá folúntas againn do Mhaor Craolta (Graificí) i Nuacht RTÉ / TG4. Cuirfear painéal ar bun freisin as ar féidir folúntais a líonadh go ceann 24 mí, agus as a líonfar folúntais shealadacha uainchláir.
Bunaithe in TG4, Baile na hAbhann, tá an Maor Craolta (Graificí) ina bhall lárnach den fhoireann ildána a thugann na cláir nuachta agus cúrsaí reatha go haer ar TG4 agus ar RTÉ.

Ról an Mhaoir Chraolta (Graificí):
  • Oibriú an uathchórais stiúideo a chuireann aschur uile Nuacht go haer
  • Tugann an t-uathchórais seo deasc an fhísmheascóra, na ceamaraí, an córas graificí, an seinnteoir físeán agus an córas fuaime fuaim faoina smacht chun an aschur a ghiniúint
  • Ceard-eagarthóireacht chun ábhar físeán a aimsiú agus a dháileadh, chun físeán a ghearradh agus a mhaoirsiú, agus a sheinneann ábhar beo go haer mar chúltaca
  • Ábhar graificeach don aschur laethúil líneach agus digiteach a chruthú as na huirlisí tionscail is coitianta a úsáid, teimpléid do chóras graificí an tseomra nuachta a chruthú, an córas graificí a oibriú de láimh, ábhar físeán a aimsiú agus a dháileadh ar úsáideoirí
  • Ionadaíocht a dhéanamh ar stiúrthóir nuachta chun bearnaí uainchláir a líonadh
  • Ní leagtar ar an Maor Craolta (Graificí) ach dhá cheann de na feidmheanna seo, ach ní bheidh ach feidhm amháin díobh a bheidh le déanamh in aon lá oibre
Cuirfear an traenáil chuí ar an té a cheapfar sa phost agus sa phainéal.

Faoin iarrthóir:
  • Taithí ábhartha i dtimpeallacht bheocraolta
  • Eolas ar na córais léiriúcháin i seomra nuachta teilifíse agus ilardáin
  • Ball d’fhoireann chruthaitheach a chuirfidh le forbairt an aschuir
  • Duine díocasach díograiseach atá in ann dul ag obair go cruinn faoi spriocamanna agus faoi bhrú
  • Bheith in ann dul ag obair as a stuaim féin agus i bpáirt le daoine eile
  • Bheith inniúil i sreabhanna oibre a fhorbairt agus fadhbanna a réiteach
  • Bheith in ann dul ag obair i dtimpeallacht Gaeilge
  • Tuiscint ar oibriú rannóg nuachta
  • Suim agus eolas i gcúrsaí nuachta agus cúrsaí reatha
Más suim leat an deis seo, cuir litir clúdaigh agus CV chugainn a léiroeidh do scileanna, do thaithí agus d’fheiliúnacht don phost ( le cur isteach mar cháipéis amháin mar chuid den próiséas arlíne).

Déanfar an ceapachán seo ag grád Maoirseoir Ábhar Meán agus tá sé á thairiscint ar bhonn conartha lánaimseartha leanúnach. Is é €50,800-€71,353 an scála olltuarastail bliantúil don ghrád seo. Is é an spriocam d’iarratais Dé hAoine an 7 Samhain 2025.

Tá an Éagsúlacht agus an Cuimsiú i gcroílár ár cuid oibre - ar an aer agus ar chúla téarma araon. Táimid tiomanta do thimpeallacht níos cuimsithí a fhorbairt, dul i ngleic leis an easpa ionadaíochta agus an cuimsiú a neadú i ngach céim de thuras an fhostaí.

Cuirimid fáilte roimh iarratais ó dhaoine le cúlraí éagsúla, gan beann ar inscne, claonadh gnéasach, féiniúlacht inscne, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneachas, míchumas, stádas sibhialta agus teaghlaigh, creideamh reiligiúnach agus ballraíocht den Lucht Siúil.

Is mian linn cóiríocht réasúnta a sholáthar d’fhostaithe reatha agus d’ábhar fostaithe a bhfuil aon chineál míchumais orthu. Más tá cóiríocht uait le haghaidh d’agallamh, molaimid duit a chur in iúl dúinn agus an t-iarratas á dhéanamh agat.

Tailor Your Resume for this Job


Share with Friends!